Ceol Traidisiúnta na hÉireann

An tUachtarán Micheál D. Ó hUigín le baill de Ensemble Ceol Traidisiúnta na hÉireann ag seoladh The Encyclopaedia of Music in Ireland (Deireadh Fómhair 2013). 
 

Is fada clú agus cáil maidir le hoideachas i gceol traidisiúnta na hÉireann ar Ardscoil an Cheoil agus na Drámaíochta in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath.  Is féidir staidéar a dhéanamh ar Cheol Traidisiúnta na hÉireann ar leibhéal bunchéime agus iarchéime faoi scáth na gclár seo a leanas:

  • Baitsiléir Ceoil
  • Baitsiléir in Oideachas an Cheoil
  • Máistir i dTaibhiú an Cheoil
  • Cláir MPhil agus PhD

Acmhainní

Amhráin is Ansa Liom, Sraith de chuid TG4 faoi amhránaíocht na hÉireann arna cur i láthair ag Antaine Ó Faracháin, Léachtóir de chuid ITBÁC.  Acmhainn idirlín ar a bhfuil amhráin á gcanadh ag amhránaithe traidisiúnta.

Céilí House, Sraith de cheol traidisiúnta agus d'amhráin na hÉireann ar RTÉ Radio 1 arna chur i láthair ag Kieran Hanrahan agus arna léiriú ag Peter Browne, beirt léachtóirí i gceol traidisiúnta na hÉireann in ITBÁC.  

The Irish Traditional Music Archive – Taisce Cheol Dúchais Éireann

Na Píobairí Uilleann Cumann a chuireann ceol na hÉireann chun cinn, ceol na bpíobairí go háirithe. 

The Rolling Wave, Sraith ar RTÉ Radio 1 arna chur i láthair ag Peter Browne a thugann léachtaí ar chúrsa Ceol Traidisiúnta na hÉireann in ITBÁC 

 

Tá breis eolais ar fáil ón Dr Clíona Doris nó ó Ódhrán Ó Casaide.