Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Réamhrá
Siníodh Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ina dhlí ar an 14 Iúil 2003. Is é an chéad phíosa reachtaíochta ina leagtar síos próiseas pleanála reachtúil chun a chinntiú go gcuirfear seirbhisí poiblí ar fáil i nGaeilge.
Tá tuilleadh eolais mar gheall ar Acht na dTeangacha Oifigiúla ar fáil ar www.coimisineir.ie agus anseo: Treoirleabhar Acht na dTeangacha Oifigiúla
Forálacha an Achta
Is é bunchuspóir an Achta ná soláthar níos mó de sheirbhísí i nGaeilge a chur ar fáil ón seirbhís phoiblí ar chaighdeán níos airde.
Bainfear é seo amach go príomha trí dhualgas reachtúil a chur ar Ranna Stáit agus ar chomhlachtaí poiblí a leithéid de sheirbhísí a sholáthar ar bhealach comhtháite trí chreat pleanála reachtúil, ar a dtugtar "Scéim" a bheidh le hathnuachan gach 3 bliana le haontú an Aire agus ceann an chomhlachta phoiblí i gceist. Úsáidfear an próiseas seo chun feabhas suntasach chéimiúil a bhaint amach, thar tréimhse, ar leibhéal na seirbhísí trí Ghaeilge a chuirfear ar fáil.
Ina theannta sin, deimhníonn Acht na dTeangacha Oifigiúla go bhfuil Dualgais Dhíreacha ar Ranna Stáit agus comhlachtaí poiblí atá ainmnithe faoin Acht forálacha ginearálta bunúsacha a chur i bhfeidhm, mar shampla, comhfhreagras i dteanga oifigiúil a fhreagairt sa teanga oifigiúil chéanna, faisnéis a thabhairt don phobal i nGaeilge, nó i nGaeilge agus i mBéarla, úsáid na Gaeilge sna cúirteanna, agus eile.
De réir Rialacháin Acht na dTeangacha Oifigiúla, tá dualgas ar chomhlachtaí poiblí a chinntiú go bhfuil a gcuid stáiseanóireachta, a gcuid comharthaíochta agus a gcuid fógairtí taifeadta béil á soláthar i nGaeilge nó go dátheangach faoi dhátaí áirithe atá daingnithe faoi na Rialacháin.





