Cairt Cearta Teanga
Tá na deich mbuncheart teanga atá ar fáil de réir dlí do phobal na Gaeilge agus iad i mbun gnóthaí le heagraíochtaí stáit foilsithe anois mar an chéad Chairt Cearta Teanga sa tír seo.
Oifig an Choimisinéara Teanga a d'fhoilsigh an chairt mar ullmhúchán do theacht i bhfeidhm na bhforálacha ar fad in Acht na dTeangacha Oifigiúla ar Dé hAoine 14 Iúil 2006.
Tugtar léargas sa chairt ar chearta teanga an phobail, ina measc, cearta i dtaca le húsáid na Gaeilge i ngnóthaí agus i ndoiciméid chúirte, i dtithe an Oireachtais, i gcomhfhreagras, i ndoiciméid thábhachtacha ar leith agus i gcora poist a eisíonn eagraíochtaí stáit.
Tá cóipeanna den chairt á ndáileadh ar eagraíochtaí stáit, scoileanna, leabharlanna, agus ar institiúidí agus ar fhoirgnimh phoiblí eile mar chuid d'fheachtas le tuiscint an phobail ar chearta teanga a mhéadú agus le tuilleadh deiseanna a chothú d'úsáid na Gaeilge i ngnóthaí poiblí na tíre, dar leis An gCoimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin.
Tuilleadh eolais ar An Chairt Cearta Teanga agus ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, téigh chuig www.coimisineir.ie nó seol ríomhphost chuig: gaeilge@dit.ie
>> Cairt Cearta Teanga le íoslódáil anseo





