Acht na dTeangacha Oifigiúla / Official Languages Act

Dualgais Dhíreacha

Dualgais Teanga na gComhlachtaí Poiblí:

Leagtar dualgais teanga ar chomhlachtaí poiblí atá ainmnithe faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla ar thrí bhealach:

  • trí dhualgais dhíreacha a chur ar chomhlachtaí poiblí;
  • trí rialacháin a dhéanamh a bhfuil stádas reachtúil acu agus
  • trí “scéimeanna” nó pleananna teanga a chomhaontú maidir le soláthar seirbhísí i nGaeilge.

Chomh maith leis na dualgais teanga thuasluaite, tá stádas faoi leith ag an nGaeilge in achtacháin eile seachas Acht na dTeangacha Oifigiúla agus tá dualgais dá réir ar chomhlachtaí áirithe seirbhísí a sholáthar trí mheán na Gaeilge. I measc na   n-achtanna eile atá i gceist tá an tAcht Árachais 1936, an tAcht Iompair 1950, an tAcht Oidhreachta 1995, an tAcht Oideachais 1998, an tAcht um Pleanáil agus Forbairt 2000 agus Acht an Gharda Síochána 2005.

Dualgais Dhíreacha:

Deimhníonn Acht na dTeangacha Oifigiúla go bhfuil na dualgais seo a leanas ar chomhlachtaí poiblí atá ainmnithe faoin Acht:

  • A chinntiú gur i nGaeilge a fhreagraítear comhfhreagras (tríd an gcóras poist nó go leictreonach) a sheoltar i nGaeilge chuig comhlachtaí poiblí (Alt 9(2) den Acht).
  • A chinntiú nuair atá faisnéis áirithe á soláthar don phobal i gcoitinne nó d’aicme den phobal tríd an gcóras poist nó go leictreonach (mar shampla cora poist) gur i nGaeilge nó go dátheangach atá an chumarsáid sin (Alt 9(3) den Acht).
  • Na doiciméid seo a leanas a fhoilsiú go comhuaineach i nGaeilge agus i mBéarla:
    • aon doiciméad ina leagtar amach tograí beartais phoiblí;
    • aon tuarascáil bhliantúil;
    • aon chuntas iniúchta nó ráiteas airgeadais;
    • aon ráiteas straitéise atá déanta faoin Acht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí 1997;
    • aon doiciméad a fhorordaíonn an tAire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta (i gcomhar le hAirí eile, más cuí) go bhfuil tábhacht mhór phoiblí ag baint leis (Alt 10 den Acht).
  • Tá sé de dhualgas ar Thithe an Oireachtais gach Acht a fhoilsiú go comhuaineach i nGaeilge agus i mBéarla a luaithe agus is féidir tar éis don Acht a bheith achtaithe (Alt 7 den Acht). De réir Acht Choimisiún Thithe an Oireachtais (Leasú) 2006, Alt 3(2)(a), titeann an dualgas ar Choimisiún Thithe an Oireachtais seirbhísí aistriúcháin a chur ar fáil ó theanga oifigiúil amháin go dtí an teanga oifigiúil eile i gcás Achtanna an Oireachtais.
  • Tá dualgas ar gach cúirt glacadh le rogha teanga oifigiúil (Gaeilge nó Béarla) an té a bhfuil gnó aige nó aici leis an gcúirt sin (Alt 8 den Acht).
  • Tá sé de dhualgas ar chomhlachtaí poiblí scéim teanga a aontú leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta nuair a iarrann an tAire ar an gcomhlacht é sin a dhéanamh agus gealltanais na scéime reachtúla sin a chur i bhfeidhm (Alt 11-18 den Acht).
  • Tá sé de dhualgas ar chomhlachtaí poiblí comhoibriú le hOifig an Choimisinéara Teanga maidir le comhlíonadh fheidhmeanna na hOifige sin. San áireamh anseo tá comhoibriú leis an gCoimisinéir Teanga nuair atá sé ag fiosrú gearáin, ag seoladh imscrúdaithe agus/nó ag déanamh monatóireachta ar chomhlíonadh dhualgais teanga na gcomhlachtaí poiblí faoin Acht (Alt 22 den Acht).
  • Tá dualgas reachtúil ar gach comhlacht poiblí feidhmiú de réir na Rialachán atá déanta ag an Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta maidir le húsáid na Gaeilge i gcomharthaí, stáiseanóireacht agus fógairtí taifeadta béil (Alt 9(1) den Acht).

Back to Top