SCÉIM ACHT NA dTEANGACHA OIFIGIÚLA,
INSTITIÚID TEICNEOLAÍOCHTA BHAILE ÁTHA CLIATH (ITBÁC), 2012 - 2015
Scéim Teanga ITBÁC 2012-2015 Seolta / DIT Official Languages Act Scheme 2012-2015 launched
Ag cruinniú de Choiste Rialaithe, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath ar an 18 Iúil 2012, glacadh le Scéim Teanga 2012-2015, Acht na dTeangacha Oifigiúla, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath. Cheadaigh Aire Stáit na Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D Scéim Acht na dTeangacha Oifigiúla, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath ar an 22 Bealtaine 2012.
Beidh feidhm le Scéim Acht na dTeangacha Oifigiúla ITBÁC ar feadh tréimhse 3 bliana ón 22 Bealtaine 2012 nó go ndearbhóidh an tAire scéim nua de bhun Alt 15 den Acht, cibé acu is túisce.
SCÉIM TEANGA ITBÁC 2012 - 2015: Gaeilge




