Scéim Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath faoi réir Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Fuair Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (ITBÁC) cuireadh ón Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe & Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, T.D. chun scéim a dhréachtú de réir Alt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 i Feabhra 2009.
Tá sé mar chuspóir ag an scéim teanga méadú a dhéanamh ar réimse agus ar chaighdeán na seirbhísí Gaeilge atá ar fáil ó chomhlachtaí stáit, thar thréimhse ama. Déanfar cur síos sa scéim ar na seirbhísí a bheartaíodh ITBÁC a sholáthar:
- trí Ghaeilge amháin
- trí Bhéarla amháin nó
- go dátheangach.
Tabharfaidh an scéim gealltanais reachtúla i leith na socruithe faoina bhforbraíonn ITBÁC ár gcuid seirbhísí trí mheán na Gaeilge ar bhealach céimnithe go ceann 3 bliana. De réir na reachtaíochta, bhí tréimhse 6 mhí againn chun dréacht scéim a ullmhú agus a chur ar aghaidh chuig an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.
Mar chuid den bpróiseas comhairliúcháin, bhí ionchur á lorg ag ITBÁC ó bhaill foirne agus mic léinn na hInstitiúide agus ón bpobal maidir le conas a bhféadfaí cur le réimse agus caighdeán na seirbhísí Gaeilge atá ar fáil ón Institiúid. Chuige seo, lorgaíodh aighneachtaí maidir le scéim teanga na hInstitiúide agus iarradh ar bhaill foirne agus mic léinn na hInstitiúide suirbhé a líonadh amach. Tháinig 15 aighneacht isteach ón bpobal chun na hInstitiúide, agus líon breis agus 390 ball foirne agus mic léinn na suirbhéanna amach.
Bá mhaith linn buíochas a ghabhail le foireann agus mic léinn na hInstitiúide go léir agus an pobal a chabhraigh linn dréacht scéim na hInstitiúide a ullmhú.
Cheadaigh Aire Stáit na Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich, T.D Scéim Acht na dTeangacha Oifigiúla, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath ar an 22 Bealtaine 2012. agus is féidir breathnú ar an scéim anseo:
SCÉIM TEANGA ITBÁC 2012 - 2015: Gaeilge
DIT OFFICIAL LANGUAGES ACT SCHEME 2012 - 2015: Béarla




