Fáilte go hInstitiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath

Tá súil agam go mbainfidh tú taitneamh as do bhealach a aimsiú thart ar shuíomh gréasáin Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath. Tugann an suíomh seo radharc duit ar shaol na hInstitiúide; idir chúrsaí, bhaill foirne, áiseanna, sheirbhísí forbartha eacnamaíochta agus aistriú taighde agus teicneolaíochta.

Tá Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath ar cheann de na hinstitiúidí tríú leibhéal is mó agus is ilghnéithí in Éirinn, áit a bhfuil réimse leathan taithí agus deiseanna ar fáil. Feicfidh tú ón suíomh gréasáin go bhfuil na háiseanna suntasacha atá ag an Institiúid ag teacht leis an scála daonna atá aici, sé sin go bhfuil go leor suíomhanna aici, scaipthe thar chroílár chathair Bhaile Átha Cliath.

Tá clú bainte amach ag Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath as tiomantas mo chomhghleacaithe i leith a gcruthaitheacht agus taithí, saineolas agus léanntacht i ngach réimse staidéir atá againn anseo. Tá nascanna dlútha acu le saol na hoibre agus cuireann sin ar a gcumas peirspictíochtaí reatha agus freagairtí tapa a thabhairt ar na riachtanais oideachais atá ag athrú inár sochaí nua-aimseartha, teicneolaíoch. Cuimsíonn Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath barr feabhais na hacadúlachta mar a bheadh in ollscoil thraidisiúnta chomh maith le tiomantas d’oideachas dírithe ar ghairmeacha agus ullmhúchán do rólanna ceannaireachta táirgiúla.  Mar mhac léinn de chuid na hInstitiúide gheobhaidh tú an t-eolas agus na cumais le cur go mór leis an domhain casta seo a bhíonn de shíor ag athrú. Nuair a bhaineann tú do cháilíocht amach, beidh tú i measc na smaointeoirí, gníomhairí agus ceannairí a bheidh ag teastáil le tabhairt faoi na dúshláin a thagann le sochaí domhanda, idirspléach, ilchultúrtha, atá chun cinn i dtaobh na teicneolaíochta de. Má tá oideachas don 21ú haois uait, oideachas a ullmhóidh tú do ghairm ar thús cadhnaíochta, tá na cláir againn duit!

Le stair a théann siar breis agus céad fiche bliain, aithnítear Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath mar institiúid cheannródaíoch i dtaobh ardoideachas teicneolaíoch.  Bhí rólanna tábhachtacha ag alumni na hInstitiúide i nuálaíochtaí teicniúla agus eolaíochta, forbairtí eacnamaíochta agus sóisialta, cultúr agus oideachas anseo in Éirinn agus go hidirnáisiúnta.  Cothaíonn muid nuálaíocht agus cruthaitheacht thar agus idir na disciplíní agus ó bunaíodh an Institiúid tá muid tiomanta i leith oideachais a chur ar fáil do dhaoine ó chúlraí éagsúla.

Cuireann Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath timpeallacht bheoga ar fáil inar féidir le mic léinn caidrimh a chruthú le mic léinn eile, agus le comhghleacaithe.  Tá sé mar aidhm againn an eispéireas oideachasúil is fearr a sholáthar do gach uile duine dár mic léinn. Glacann mic léinn Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath páirt i réimse leathan imeachtaí seach-churaclaim, cumainn agus clubanna. Tá Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath lonnaithe i gcroílár shaol sóisialta, cultúrtha agus gnó na príomhchathrach agus mar sin cuireann seo deiseanna iontacha ar fáil d’fhorbairt intleachtúil agus phearsanta.  Léiríonn ár gcéimithe an muinín, na scileanna idirphearsanta agus an tiomantas i leith na nuálaíochta atá riachtanach dá saoil proifisiúnta agus pearsanta.

Más fiontraí thú nó má tá sé ar intinn agat tabhairt faoi ghnó nua a bhunú, cuireann Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath réimse iomlán seirbhísí tacaíochta agus forbartha ar fáil, curtha in oiriúint do do ghnó, le cabhrú leat do chuid spriocanna a bhaint amach.

Mar sin, tugaim cuireadh duit blaiseadh a fháil ón suíomh gréasáin seo den méid atá le n-ofráil againn. Tabhair cuairt orainn; go bhfeicfidh tú duit féin é. Tá súil againn go bhfeicfimid go luath thú.

Uachtarán
>> Spéiseanna taighde an Uachtaráin Brian Norton

Back to Top

Download and Install Browsealoud      Find us on Facebook      Follow us on Twitter