Alumni
Ní thagann deireadh le do chaidreamh le ITBÁC nuair a bhaineann tú céim amach. Coinníonn Líonra Céimithe ITBÁC céimithe i dteagmháil le chéile agus le ITBÁC féin ionas go mbeidh tú i do bhall de phobal ITBÁC i gcónaí.
Tá 90,000 comhalta sa Líonra, a seoladh i 1997 mar chumann líonraithe d’iar-mhic léinn de chuid ITBÁC. Tá comhaltaí i dteideal réimse tairbhí líonraithe gairmiúla agus sóisialta, lena n-áirítear:
- nuachtlitir ar líne e-network
- Grúpa Linkedin Líonra Céimithe ITBÁC
- Leathanach Facebook Líonra Céimithe ITBÁC
- Tacaíocht gairme do chéimithe a bhain céim amach le deireanaí
- Fáil ar líonra Idirnáisiúnta de chéimithe ITBÁC
- Fáil ar leabharlanna ITBÁC saor in aisce agus lascainí ar léitheoireacht sheachtrach
- Lascainí ar halla gleacaíochta agus ar shaoráidí linn snámha Fit2Go
- Lascainí ar bhreis-staidéar
- Lascainí ar árachas sláinte, agus
- Rátaí speisialta ar chártaí creidmheasa fialais ITBÁC
Mar sin, cad chuige nach mbeifeá i do chomhalta den Líonra agus nasc a bheith agat le ITBÁC i gcónaí?
Oifig Líonra Céimithe ITBÁC
Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath
Sráid Aungier
Baile Átha Cliath 2
T + 353 1 4027122