This site uses a number of third party cookies. By continuing to use this site you consent to the use of cookies in accordance with our Cookie Policy

OK

Lógó ITBÁC

Stair

Aithnítear go héasca na naisc le Baile Átha Cliath i lógó Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath: Leasaíodh na trí chaisleán shiombalacha, siombail de Chathair Bhaile Átha Cliath, agus tugadh cothrom chun dáta iad; anois feictear mar thrí rinn ar chruth criostail sébhiorach iad, a léiríonn sé dhámh reatha Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath. Úsáidtear dhá chineál goirm, atá in úsáid do chathair Bhaile Átha Cliath le fada an lá, laistigh den sciath. Tá líne bhuí órga chorrach ag deighilt an dá thaobh den sciath, agus á dtabhairt le chéile ag an am céanna; is don Life a théann tríd an gcathair a sheasann an líne sin. Cé gurb í an sciath pointe fócais an lógó, tá leagan Gaeilge agus Béarla d’ainm na hInstitiúide ann freisin. Tá cuma chlasaiceach agus mharthanach ar an lógó mar gheall ar an gcló-aghaidh, Trajan.

Úsáid Datha

Caithfear lógó Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath a thaispeáint sna dathanna corparáideacha i gcónaí. Ar stoc neamhbhrata is iad na dathanna sin Pantone 286U (gorm dorcha), Pantone 2995U (gorm níos éadroime) agus Pantone 115U (buí). Ar stoc brata is iad na dathanna sin Pantone 286C (gorm dorcha), Pantone 2925C (gorm níos éadroime) agus Pantone 123C (buí).

Níor cheart stíl an lógó a athrú bealach ar bith i gcás ar bith.

Is féidir na comhaid a chur ar fáil i bhformáidí Mac agus PC:

Cuirfear formáid Mac ar fáil i gcomhaid eps Adobe Illustrator. Úsáidfear na comhaid sin chun críocha próisis liteagrafacha agus próisis atáirgthe ardghléine eile. Beidh tagairtí Pantone ITBÁC leabaithe sna comhaid chun gur féidir an dath a atáirgeadh le Spot agus le CMYK. Sa chás go bhfuil cúlra daite nó dorcha i gceist, ba cheart na leaganacha aisiompaithe [(i) ITBÁC_logocolrv.eps agus (iv) ITBÁC_logomonrv.eps] a úsáid. Is iad seo na hainmneacha comhaid:

DIT_logocol.eps

 DIT_logocolrv.eps

 DIT_logomono.eps‌‌

 DIT_logomonorv.eps 
‌‌‌

Cuirfear formáid PC ar fáil mar jpg RGB. Is féidir iad a úsáid ar scáileán, agus le haghaidh priontáil dhaite léasair. Is iad seo na hainmneacha comhaid:

Ísealtaifeach (e.g. le haghaidh an ghréasáin)

 DIT_logocol.jpg

 DIT_logobw.jpg ‌

 DIT logocol.png

 DIT logocolrv.png

 

Ardghléine (e.g. le haghaidh priontála)

 DIT_logocolour.jpg

 DIT_logomono.jpg 

An Lógó a íoslódáil le húsáid le Feidhmchláir Microsoft:

  • Roghnaigh an leagan den lógó atá uait.
  • Téigh go Comhad agus sábháil mar jpeg é.
  • Oscail an chóip shábháilte agus cóipeáil agus greamaigh an lógó sa chlár atá in úsáid agat.
  • Aibhsigh an lógó agus úsáid na boscaí athraithe méide chun é a dhéanamh níos lú nó níos mó. Má bheireann tú ar an saigheadeochair ar do mhéarchlár fad is a athraíonn tú méid an lógó, coinneofar na comhréireanna cearta.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi lógó ITBÁC a úsáid ach dul i dteagmháil le Jill O’Callaghan (+353 1 402 7133).