This site uses a number of third party cookies. By continuing to use this site you consent to the use of cookies in accordance with our Cookie Policy

OK

Ranganna Gaeilge ITBÁC

Posted: 28 Eanáir, 2015

Beidh Ranganna Gaeilge ar siúl arís an t-earrach seo i 4 shuíomh de chuid na hInstitiúide, eagraithe ag Oifig na Gaeilge le tacaíocht ón Oifig Oiliúna agus Forbartha Foirne.

Beidh 6 rang ar an iomlán ar siúl dírithe ar bhaill foirne agus ar mhic léinn ITBÁC agus freastlóidh na ranganna ar raon leathan leibhéal lena n-áirítear glantosaitheoirí agus foghlaimeoirí meánleibhéil. Tá na ranganna saor in aisce do chách.

 

Is féidir teacht ar an amchlár anseo (http://dit.ie/oifignagaeilge/rangannagaeilge/clarama/) agus is féidir leat clárú anseo (http://dit.ie/oifignagaeilge/rangannagaeilge/clarumacleinn/ ) más mac léinn thú nó anseo (http://dit.ie/oifignagaeilge/rangannagaeilge/clarufoirne/ ) más ball foirne thú.