This site uses a number of third party cookies. By continuing to use this site you consent to the use of cookies in accordance with our Cookie Policy

OK

Céimithe ITBÁC chun aghaidh a thabhairt ar a chéile arís sa chluiche leathcheannais idir Baile Átha Cliath agus Maigh Eo

Posted: 25 Lúnasa, 2015

Beidh líon mór céimithe as ITBÁC ar an dá phainéal nuair a thabharfaidh Baile Átha Cliath agus Maigh Eo aghaidh ar a chéile i gcluiche leathcheannais Sinsear na hÉireann sa Pheil an 30 Lúnasa.

Bhain seachtar imreoirí ar gach painéal céim amach in ITBÁC le cúig bliana anuas agus d'imir siad do ITBÁC le linn a gcuid ama sa choláiste. D'imir roinnt díobh ar an bhfoireann chéanna le gairid chun Corn Sigerson a bhaint amach in 2013, lena n-áirítear Aidan O'Shea agus Jason Doherty as foireann Mhaigh Eo agus Kevin O’Brien, Ciaran Reddin agus Nicky Devereux as foireann Bhaile Átha Chliath.

Is iad seo a leanas bileoga na bhfoirne maidir le Gréasán Céimithe ITBÁC don chluich leathcheannais:

Painéal Mhaigh Eo 2015

Tom Cunniffe, MSc Bainistiú Fuinnimh (2010)    
Jason Doherty,  MSc Bainistiú Fuinnimh (reatha)
Alan Freeman, MSc Bainistiú Fuinnimh (2012)
Kevin Mcloughlin, BEng Innealtóireacht (2011)
Barry Moran, MSc Cuntasaíocht (2009)
Aidan O'Shea, BBS Lóistíocht & Bainistíocht Shlabhra an tSoláthair (2013)
Tom Parsons, MSc Bainistiú Fuinnimh (2012)

Painéal Bhaile Átha Cliath 2015

Tomás Brady, Bsc Eacnamaíocht & Bainistíocht Foirgníochta (2011)
Diarmuid Connolly,  Printíseacht Leictreach (2011)
Nicky Devereux, ME Slabhra an tSoláthair & Lóistíocht (2014)
Paul Flynn, Printíseacht Pluiméireachta (2009)
Kevin McManamon, Msc Bainistíocht Straitéiseach (2009)

Eoghan O Gara, Printíseacht Bríceadóireachta (2009)
Kevin O'Brien, BBS Bainistíocht Gnó (2015)
Ciaran Reddin, BBs Bainistíocht Gnó (2015)

Go n-éirí an t-ádh leis an dá fhoireann!