This site uses a number of third party cookies. By continuing to use this site you consent to the use of cookies in accordance with our Cookie Policy

OK

Táim tar éis glacadh le mo thairiscint ón CAO – anois cad é an chéad chéim eile?

Posted: 19 Lúnasa, 2015

Comhghairdeas leat má tá tú tar éis glacadh le háit ar chlár de chuid ITBÁC, táimid ag súil le fáilte a chur romhat chun na hInstitiúide i mí Mheán Fómhair.

Anois agus tú tar éis glacadh le d’áit tríd an Lár-Oifig Iontrála-CAO, seolfar sonraí chuig do sheoladh poist faoi cheann cúpla lá maidir le clárú.

Tá liosta dátaí thíos ag tabhairt le fíos cén uair a sheolfaidh an tSeirbhís Clárúcháin cuireadh chugat chun clárú – bí ag súil leis an gcuireadh faoi cheann lae nó dhó ina dhiaidh sin.

Mar shampla: Má tá tú i do mhac léinn atá tar éis tairiscint a fháil i mBabhta a hAon de thairiscintí an CAO, tugtar amscála seachtaine duit chun glacadh le do thairiscint. Nuair atá an sprioclá le glacadh leis an tairiscint istigh, ar an lá dar gcionn seolfaidh an tSeirbhís Clárúcháin cuireadh chuig an seoladh poist a thug tú don CAO, mar shampla, ar an 27 Lúnasa d’iarratasóirí Bhabhtha a hAon. Do Bhabhta 2 agus babhtaí eile, seolfar sonraí clárúchán chuig iarratasóirí ar an lá tar éis spriocdhátaí an CAO.

Babhta A and Babhta Zero:

Déardaoin 13 Lúnasa 2015

Babhta 1:

Dé Céadaoin 26 agus Déardaoin 27 Lúnasa 2015

Babhta 2: 

Déardaoin 3 Meán Fómhair 2015

Babhta 3:

Déardaoin 10 Meán Fómhair 2015

Babhta 4:

Déardaoin 17 Meán Fómhair 2015

 

Gach seachtain ina dhiaidh sin de réir mar a leanfar ag glacadh le tairiscintí.

Clárúchán: Ceisteanna coitianta

Féach ar an físeán gairid thíos ag míniú an chéad chéim eile:

Leagan Gaeilge:

 

Leagan Béarla