This site uses a number of third party cookies. By continuing to use this site you consent to the use of cookies in accordance with our Cookie Policy

OK

An tAthair Piaras Ó Dúill imithe ar shlí na fírinne

Posted: 6 Meán Fómhair, 2017

Ba mhaith le hInstitiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (ITBÁC) comhbrón ó chroí a dhéanamh le teaghlach an tAthair Piaras Ó Dúill atá tar éis imeacht ar shlí na fírinne.

an tAthair Piaras Ó Dúill, with Íte Ní Chionnaith, former DIT Journalism Lecturer, and Siobhán Nic Gaoithín, Oifigeach na Gaeilge, DIT

Chaith an tAthair Piaras i bhfad os cionn daichead bliain mar Shéiplíneach in Ospidéal Síciatrach Naomh Breandán, ar an láthair ar a bhfuil Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath anois lonnaithe.

Rugadh an tAthair Piaras Ó Dúill i gCill Mhaighneann i ndeiscirt Bhaile Átha Cliath i 1931 agus fuair oiliúint le hord na gCaipisineach sna hArdaigh i nDún na nGall. Le linn do a bheith faoi oiliúint, chaitheadh sé tréimhsí ag obair in Ospidéal Naomh Breandán agus thóg sé a phost mar Shéiplíneach ag deireadh na seascaidí go dtí le deireanas.

Thug sé sólás agus tacaíocht seasta do na hothair agus na baill foirne in Ospidéal Naomh Breandán agus chonaic sé athruithe móra ar an ospidéal thar na blianta agus ar an cúrám a fuair na hothair. Le linn an tréimhse seo, bhí sé ag saothrú chun cartlann an ospidéil a chosaint agus a chaomhnú agus tá an cartlann anois faoi choimirce an Chartlann Náisiúnta. Bhí an-bhaint aige le cúrsaí polaitíochta agus poblachtachas agus bhí sé ina Ghaeilgeoir go smior. Bhí sé ina Shéiplíneach le Cumann na bhFiann, chaith sé mórán ama i Ros Muc, bhí an-bhaint aige le cúrsaí drámaíochta na Gaeilge, ag múineadh na Gaeilge agus chaith sé tréimhse ag obair le Gael Linn.

Mar chuid de thionscnamh Staire Bhéil de chuid ITBÁC, d’éirigh le hOifig na Gaeilge, ITBÁC agallamh a fháil leis an tAthair Uí Dhúill i mí Lúnasa na bliana seo san ionad altramais ina raibh sé ina chónaí. Thug sé féin agus a theaghlach a gcuid ama go fial agus go flaithiúil agus beidh fáil ar an agallamh seo le himeacht ama.

An tAthair Piaras Ó Dúill, 1931-2017.  Ar dheis Dé go raibh a anam uasal agus go mbeidh leaba aige i measc na Naomh.