Nuacht
Bliain na Gaeilge
Seoladh Bliain na Gaeilge ar an deireadh seachtaine ag Oireachtas na Gaeilge i Leitir Ceanainn. Is é an rud atá i gceist le Bliain na Gaeilge ná céiliúradh a dhéanamh ar an nGaeilge agus ar gach a bhfuil Gaelach. Tá gach eolas le fáil anseo. Beidh ár n-imeachtaí féin ar siúl le linn na bliana, mar sin bí cinnte go bhfuil súil á coimead agat ar an suíomh seo agus déan seic ar an leathanach imeachtaí go minic chomh maith.
Ranganna Gaeilge ar ceal sa tseachtain léitheoireachta
Ní bheidh ranganna Gaeilge ar siúl an tseachtain seo chugainn de bharr na seachtaine léitheoireachta. Beidh siad ag tosnú arís sa tseachtain dar tús 5 Samhain. Bíodh Samhain dheas agaibh ar fad.
Rang Curtha ar Ceal / Class Cancelled
Tá an rang Bunrang 2 (Máirt, 1-2 i.n, Sráid Áinséir) curtha ar ceal de bharr easpa tinrimh. Má tá suim agat sa rang seo, nó i rang ar bith eile, déan teagmháil le hOifig na Gaeilge agus tabharfar gach eolas duit ar na ranganna eile atá le fáil.
Scéim Cónaithe Gaeilge ITBÁC, 2012/13 - Scoláireachtaí
Gach eolas le fáil anseo
Ranganna Gaeilge Foirne agus Mac Léinn ITBÁC,Fómhair 2012
Gach eolas agus clárú anseo
Scéim Teanga, Acht na dTeangacha Oifigiúla 2012-2015, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath seolta, 19 Iúil 2012
Gach eolas le fáil anseo:
Folúntas: Oifigeach na Gaeilge, ITBÁC, Iúil 2012
Conradh ar Théarma Seasta ar bhonn Pháirtaimseartha go dtí an 21 Nollaig 2012 chun tréimhse Saoire Mháithreachais a chlúdach.
Tá gach eolas le fáil agus is féidir iarratas a dhéanamh ar líne ag: http://www.dit.ie/hr/resourcing/resourcingandrecruitment/vacancies/
Spriocdháta d’iarratais: Dé Máirt 17 Iúil 2012.
Scoláireachtaí Gaeltachta - Mic léinn agus Foireann ITBÁC, Samhradh 2012:
Tá Oifig na Gaeilge ag cur ar fáil líon teoranta scoláireachtaí do mhic léinn agus baill foirne lánaimseartha na hInstitiúide chun seachtain a chaitheamh sa Ghaeltacht an samhradh seo ag freastal ar chúrsa Gaeilge.
Gach eolas le fáil anseo

Comharthaíocht i nGaeilge in ITBÁC:
Mar eagraíocht phoiblí, tá dualgas reachtúil ar ITBÁC faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla a chinntiú go bhfuil ár gcuid stáiseanóireachta, comharthaíochta agus fógairtí taifeadta béil á soláthar i nGaeilge amháin, nó i mBéarla agus i nGaeilge, laistigh de sprioc dhátaí ar leith.
Mar gheall ar seo, tóg san áireamh ón 1 Márta 2012, caithfidh comharthaíocht oifigiúil go léir ar thaispeáint go poiblí i bhfoirgnimh de chuid na hInstitiúide a bheith i nGaeilge agus i mBéarla.
Tá treoir agus tacaíocht ar chomharthaíocht i nGaeilge le fáil ag:
http://www.dit.ie/intranet/publicaffairs/signage/




