Oifig na Gaeilge
Bunaíodh Oifig na Gaeilge i 2006 chun an Ghaeilge a chur chun cinn i ngach slí ar fud Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (ITBÁC). An Ghaeilge a bheith lárnach i saol na hInstitiúide an fhís agus an dúshlán atá romhainn amach.
Tá an Ghaeilge agus an dátheangachas á spreagadh agus á neartú ag Oifig na Gaeilge trí:
-
dheiseanna foghlamtha agus úsáidte Gaeilge a fhorbairt agus a chur ar fáil don bhfoireann agus do mhic léinn;
-
Scéim Acht na dTeangacha na hInstitiúide a ullmhú agus tacaíocht a chur ar fáil do rannóga agus scoileanna chun seirbhísí dátheangacha a chur i bhfeidhm;
-
Scéim Cónaithe Gaeilge na mac léinn a eagrú;
-
scoláireachtaí éagsúla a chur ar fáil do mhic léinn agus baill foirne;
-
seirbhísí aistriúcháin a chur ar fáil;
-
tacaíocht a chur ar fáil do mhic léinn agus baill foirne atá ag déanamh staidéar ar an Ghaeilge san Institiúid;
-
tacaíocht a chur ar fáil don gCumann Gaelach, do mhic léinn agus do chumainn agus clubanna eile chun an Ghaeilge a spreagadh i measc mac léinn na hInstitiúide;
-
imeachtaí cultúrtha, acadúla agus sóisialta a reachtáil d’fhoireann agus do mhic léinn ITBÁC agus go leor eile.
Bí i dteagmháil le hOifig na Gaeilge má tá aon tuairimí nó moltaí agat maidir le cur chun cinn na Gaeilge san Institiúid. Tá mé ag súil go mór le cloisteáil uait.

Siobhán Nic Gaoithín
Oifigeach na Gaeilge | Irish Language Officer
Oifig an Uachtaráin | The Office of the President
Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath | Dublin Institute of Technology
Seomra 5036, Urlár 5 | Room 5036, Floor 5
Sráid Aungier | Aungier St.
Baile Átha Cliath 2 | Dublin 2
T: 01 4027043
G: www.dit.ie/services/gaeilge





