Teastas Eorpach na Gaeilge
Is córas scrúdaithe é Teastas Eorpach na Gaeilge (teg) d’fhoghlaimeoirí fásta Gaeilge. Tá baint aige leis an Fhráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha (Comhairle na hEorpa, 2001).
Scrúdaítear na ceithre scil: Labhairt, Cluastuiscint, Léamhthuiscint agus Scríbhneoireacht. Tá 6 leibhéal éagsúil ar fáil ó Bhonnleibhéal (A1) go dtí Ardleibhéal 2 (C2) agus bíonn scrúduithe ar siúl in ionaid éagsúil ar fud na tíre i rith na bliana.
Tá na scrúduithe ar fáil faoi láthair ag cúig leibhéal ó Bhonnleibhéal 1 (A1) go hArdleibhéal 1 (C1). Beidh scrúdú ar fáil ag Ardleibhéal 2 (C2) amach anseo.
Tá gach eolas mar gheall ar teg le fáil ag www.teg.ie
Tá Scoláireachtaí ar fáil ó Oifig na Gaeilge i dtreo Táillí Scrúduithe Teastas Eorpach na Gaeilge (www.teg.ie) 2012.
Foirm Iarratais TEG 2012 Foirm




