MA sa Ghaeilge Fheidhmeach

Scoil na dTeangacha, Institiúid Teicneolaíochta
Bhaile Átha Cliath, i gcomhar le Gaelchultúr Teoranta
Tá fáilte romhat chuig suíomh gréasáin an chúrsa MA sa Ghaeilge Fheidhmeach. Cuireadh tús leis an gcúrsa páirtaimseartha dhá bhliain seo i mí Eanáir 2008 agus bainfidh an tríú grúpa ranga ceann cúrsa amach i mí Mheithimh 2013.
Tá an Clár Máistreachta seo á thairiscint ag Scoil na dTeangacha, Coláiste na nEalaíon agus na Turasóireachta, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, i gcomhar le Gaelchultúr
Teoranta. Tá sé á mhaoiniú ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.
Is é an spriocdháta d’iarratais do chúrsa 2013 ná Dé Céadaoin 24 Aibreán 2013. (Féach Eolas d’Iarrthóirí). Is é an dáta atá ceaptha don Tástáil Teanga ná 11 Bealtaine 2013.
Fógra tábhachtach
Níl dearbhú faoi mhaoiniú do chúrsa 2013 tagtha fós. Sa chás go gcuirtear maoiniú ar fáil ó shaincheiste na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta mar a cuireadh go dtí seo, tá sé i gceist go leanfaí leis an gcúrsa. Coinneofar iarratasóirí ar an eolas de réir mar a chuirfear an t-eolas sin ar fáil d’ITBÁC.
Comhthéacs
Tá deiseanna fostaíochta nua ann le roinnt blianta anuas do chéimithe a bhfuil ardscileanna teanga acu sa Ghaeilge, go háirithe ó tháinig Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 i bhfeidhm agus ó bhain an Ghaeilge stádas oifigiúil amach san Aontas Eorpach. Tá an MA seo sa Ghaeilge Fheidhmeach dírithe go príomha ar na fostaithe de chuid na hearnála poiblí a bheidh ag obair trí mheán na Gaeilge as seo amach agus ar chéimithe ar mian leo teacht i dtír ar na deiseanna fostaíochta a bheidh ar fáil in Éirinn agus san Eoraip sna blianta atá romhainn.