Eolas ginearálta
Táille
Bronnfar scoláireacht ar gach duine a n-éireoidh leis / léi áit a bhaint amach ar an gcúrsa agus, dá bhrí sin, ní bheidh aon táille le híoc ag mic léinn. Is é an tÚdarás um Ard–Oideachas atá ag feidhmiú na scéime agus is í an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta atá ag maoiniú an chúrsa. Níl maoiniú do chúrsa 2013 deimhnithe fós agus is ceart d’iarratasóirí a thuiscint nach ngabhfaidh an cúrsa ar aghaidh sa chás nach gcuirtear maoiniú ó shaincheiste na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ar fáil. Coinneofar iarratasóirí ar an eolas de réir mar a chuirfear an
t-eolas sin ar fáil do ITBÁC.
Ionad
Beidh léachtaí an MA sa Ghaeilge Fheidhmeach ar siúl in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, Sráid Chaoimhín. Tá níos mó eolais le fáil faoin ionad sin anseo.
Clár ama
Beidh na ranganna ar siúl Dé Máirt (6-c.9:15 pm). Beidh ar mhic léinn freastal ar thrí cheardlann Sathairn i ngach seimeastar (ceithre huaire an chloig an ceann). Déanfar obair na bpunann / miontráchtas a stiúradh i Seimeastar 4.
Foireann teagaisc
Foireann ITBÁC, Gaelchultúr Teoranta agus aoi-léachtóirí ó earnáil na Gaeilge Feidhmí a mhúinfidh an cúrsa.
Is í an Dr. Siobhán Ní Laoire, Léachtóir le Gaeilge agus Léann Éireannach, ITBÁC, Cathaoirleach an Chláir.
Is é Éamonn Ó Dónaill MA, Stiúrthóir Oideachais, Gaelchultúr Teoranta, agus foireann Ghaelchultúr a bheidh ag soláthar cúrsaí thar ceann Ghaelchultúr Teoranta.
