Measúnú an chúrsa
Measúnú
Tá an clár seo á rialú ag Rialacháin Ghinearálta Mheasúnaithe na hInstitiúide.
Is féidir Dioplóma Iarchéime sa Ghaeilge Fheidhmeach a bhronnadh ar mhic léinn nach mbeidh in ann an clár a chríochnú go leibhéal na Máistreachta (nó nach n-éireoidh leo pas a bhaint amach sa tráchtas), má chríochnaíonn siad obair chúrsa ar fiú 60 Creidiúint ECTS í. Le cois na ndeiseanna atá ann dul chun cinn a dhéanamh go gairmiúil, cuirfidh an MA sa Ghaeilge Fheidhmeach deiseanna ar fáil do mhic léinn dul ar aghaidh chuig cláir a bhfuil Céim Dochtúra nó cláir eile Mháistreachta le gnóthú astu.
Aistriú agus dul chun cinn
Déanfar gach iarrthóir a n-éireoidh leis/léi obair chúrsa ar fiú 60 Creidiúint ECTS í a chur i gcrích go sásúil a chlárú ar an gclár máistreachta. Déanfar measúnú ar na modúil de réir Rialacháin Ghinearálta Mheasúnaithe Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath.
Measúnú: sceideal, struchtúr agus ualúchán
| Seimeastar | Modúl | Measúnú Leanúnach | Scrúdú | Creidiúntí |
| Bliain 1 | ||||
| 1 | Gaeilge scríofa agus labhartha: Anailís agus tairgeadh, uirlisí agus teicnicí | 40% | 60% | 10 |
| 1 | Sochtheangeolaíocht 1 | 30% | 70% | 5 |
| 1 | Scileanna labhartha agus éisteachta | 50% | 50% | 5 |
| 2 | Ardscileanna scríofa | 40% | 60% | 10 |
| 2 | Meáin chumarsáide na Gaeilge | 30% | 70% | 5 |
| 2 | Modheolaíocht taighde | 100% | 5 | |
| Bliain 2 | ||||
| 3 | Aistriúchán agus scríbhneoireacht ghairmiúil | 40% | 60% | 15 |
| 3 | Stíl sa Ghaeilge | 30% | 70% | 5 |
| 3 | Sochtheangeolaíocht 2: An Ghaeilge sa tsochaí chomhaimseartha | 30% | 70% | 5 |
| 4 | Punann / miontráchtas | 100% | 25 | |
| IOMLÁN | 90 |
