Torthaí Comórtas Grianghrafadóireachta
Institiúid Teicneolaíochta Bhaile átha Cliath
íomhá '08
I mí Feabhra 2008 thug Oifig na Gaeilge agus Scoil na Meán, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath cuireadh don phobal páirt a ghlacadh i gcomórtas grianghrafadóireachta eisceachtúil, íomhá ’08. An téama a bhí ag an chéad bhliain den gcomórtas ná ‘An Ghaeilge Bheo’, agus tugadh spreagadh do dhaoine tabhairt faoi íomhánna a ghlacadh le léiriú a fháil ar an teanga i 2008.
(Tógtha ag Jimmy Robinson, DIT)
(Ó Chlé)
Clare
Spáinneach, Oifig na Gaeilge, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha
Cliath, Siobhán Nic Gaoithín, Oifig na Gaeilge, Institiúid
Teicneolaíochta Bhaile átha Cliath agus Eloise Ní Riordáin, buaiteoir
íomhá ‘08
An aidhm a bhí leis an gcomórtas ná léargas a fháil ar smaointe an phobail i leith na Gaeilge mar theanga chomhaimseartha, bríomhar agus beo agus theastaigh ón lucht eagraithe deis a thabhairt do gach duine páirt a ghlacadh in imeacht faoin Ghaeilge. Chríochnaigh an comórtas ar an 30 Márta agus ba iontach an léargas a thug na híomhánna ar shaol comhaimseartha na Gaeilge.
(Ó Chlé)
Eibhlín Ní hír, a bhain an dara duais in íomhá ’08, le John Gunn ó John Gunn Camera Shop agus a gharmhac Max.
Bhí
an comórtas oscailte do chách agus fuarthas iontrálacha ó cheann ceann
na tíre agus ó thar lear. Tar éis dian mholtóireacht, is ar Eloise Ní
Ríordáin as Baile na Manach i mBaile átha Cliath a bronnadh an chéad
duais de €1,500. Bhí dearbhán le haghaidh siopa ceamara John Gunn, ar
Shráid Loch Garman, Baile átha Cliath agus saoire Gaeltachta le hOideas
Gael mar dhuaiseanna don dara agus don tríú háit. Is í Eibhlín Ní hír
as Inis Eoghain i gContae Dhún na nGall a bhuaigh an dara duais agus
Frainc Mac Cionnaith as Caisleán Uidhilín i gContae an Dúin a bhuaigh
an tríú áit sa chomórtas.
Léiríonn na trí ghrianghraf gnéithe
éagsúla de shaol na Gaeilge; úsáid an nuatheicneolaíocht leis an teanga
a chur chun cinn; an suim atá ag daoine sna healaíona traidisiúnta
Gaeltachta agus pobail ag teacht le chéile ar mhaithe le feasacht
chultúrtha agus cearta teanga a chosaint. Bronnfar na híomhánna a bhain
an comórtas ar Institiúid Teicneolaíochta Bhaile átha Cliath agus
cuirfidh siad go mór le bailiúchán ealaíne na hInstitiúide. Beidh siad
ar thaispeáint i gcampais éagsúla na hInstitiúide amach anseo.
Bhí
caighdeán na n-iontrálacha i gcoitinne an-ard agus ba iontach an réimse
ábhair a bhí sna grianghraif – gach rud ó pháistí i naíonraí agus
páirteach in imeachtaí scoile go ciorcal comhrá sa cheaintín go
seamróga agus spraoi ar Lá Fhéile Pádraig. Ba mhaith le lucht eagraithe
an chomórtais buíochas a thabhairt do Foras na Gaeilge, Oideas Gael agus Foinse a rinne urraíocht ar an gcomórtas, do mholtóirí an chomórtais agus go háirithe do gach duine a ghlac páirt in íomhá ’08.
Tá súil ag lucht eagraithe an chomórtais go mbeidh fás agus forbairt ar ‘íomhá’
sna blianta amach romhainn agus go mbeidh an fuinneamh agus spleodar
céanna le sonrú sna híomhánna is a bhí in iontrálacha na bliana seo.
Bigí ar faire amach do ‘íomhá ‘09’!
Grianghraf 1:
(Céad duais)
Glactha ag Eloise Ní Ríordáin
“..Is
teanga bheo, teanga atá in úsáid ó lá go lá chun cumarsáid a dhéanamh.
Ní teanga bheo í mura ngluaiseann sí le hathrú ama…”
Tógtha i mBaile átha Cliath.
Grianghraf 2:
(Dara duais)
Glactha ag Eibhlín Ní hír
“Comórtas
Damhsa ar na Bairillí i lár na sráide i gCathair na Mart.
Sean-traidisiún i saol nua-aimseartha. Is léir go bhfuil an lucht
féachana fós togtha leis!”
Tógtha ag Oireachtas na Samhna 2007, Cathair na Mart, Co. Mhaigh Eo
Grianghraf 3:
(Tríú duais)
Glactha ag Frainc Mac Cionnaith
“Páistí, todhchaí na teanga, ag baint spóirt as an lá agus bród orthu as a dteanga os comhair an tsaoil.”
Tógtha i gCearnóg na Scríbhneoirí, Béal Feirste
íomhá '08
Photography Competition
In
February 2008, the Dublin Institute of Technology’s Oifig na Gaeilge
and School of Media invited the public to take part in a unique
photographic competition, íomhá ’08. An Ghaeilge Bheo - Irish: The Living Language
was the theme for this year’s competition, which gave people a chance
to submit a visual image which best represents what the language means
to them.
The aim was to capture the public’s perceptions of
Irish as a modern, vibrant, living language and to encourage both
fluent Irish speakers and people without any Irish to engage with the
language and to participate in an Irish language event. The competition
closed on March 30th and the entries received gave a great insight into
the Irish language in 2008.
The competition was open to all and
entries were received from all over Ireland and from overseas. After
much deliberation on the part of the judging panel, the first prize of
€1,500 went to Eloise Ní Ríordáin of Monkstown in Dublin. The runner-up
prizes of a voucher for John Gunn’s Camera Shop and a Gaeltacht holiday
from Oideas Gael went to Eibhlín Ní hír from Inishowen in Donegal and
Frainc Mac Cionnaith from Castlewellan in Co. Down.
Each of the
three photographs captures a different aspect of modern Irish; the use
of modern technology to accommodate the language, the renewed interest
in traditional Gaeltacht arts and communities coming together to
promote cultural awareness and to protect language rights. The winning
photographs are to be presented to the Dublin Institute of Technology
as worthy additions to their art collection and will be displayed
around the Institute’s city campuses.
The standard of entries
submitted was in general very high and the variety of images was
inspiring – everything from first days in school to conversation groups
in work, to shamrocks and spraoi on St. Patrick’s Day. The competition
organisers would like to thank Foras na Gaeilge, Oideas Gael and Foinse for their sponsorship of the competition as well as the judges and indeed everyone who took part in íomhá ’08.
We
hope to build on the success of this year’s competition in the coming
years, and that the images will have the same energy and vibrancy as
the ones submitted to this year’s competition. Keep an eye out for ‘íomhá ’09’!
Photo 1:
(First prize)
by Eloise Ní Ríordáin
“..It’s
a living language, used every day for basic communication. A language
cannot survive unless it moves with the changing times...”
Taken in Dublin.
Photo 2:
(Second prize)
by Eibhlín Ní hír
“Dancing
ón the barrells in the middle of Westport’s streets. An old tradition
in a modern setting. It certainly draws a crowd still!”
Taken at the 2007 Oireachtas na Samhna festival, Westport, Co. Mayo.
Photo 3:
(Third prize)
by Frainc Mac Cionnaith
“Children, the future of the language, enjoying the day and showing the world that they take pride in their language.”
Taken in Writers’ Square in Belfast.




