Maidin caife as Gaeilge, Dé Máirt 27 Márta trasna na hInstitiúide ar mhaithe le Fondúireacht Ross Nugent

Beidh maidin caife as Gaeilge ar siúl trasna Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath ar Dé Máirt 27 Márta ón 11i.n ar mhaithe le carthanacht agus mar chuid de sheachtain RAG, Aontas na Mac Léinn.
Rachaidh an tairgead go léir a bhaileofar ag an maidin caife chuig Fondúireacht Ross Nugent agus tá Campbell Catering agus Lónadóireacht Shráid Chaoimhín ag déanamh urraíocht ar an imeacht.

Tá fáilte ó chroí roimh chách; foireann agus mic léinn na hInstitiúide freastal ar an mhaidin caife agus Gaeilge a labhairt, cuma an bhfuil tú líofa nó le cúpla focal. Seo deis iontach chun do chuid Gaeilge a chleachtadh agus airgead a bhailiú do charthanacht bhreá http://www.rossnugentfoundation.ie/

Beidh an maidin caife Gaelach ar siúl ón 11r.n sna hionaid seo a leanas:

  • Ardscoil an Cheoil agus na Drámaíochta, Ráth Maonais sa bhialann, thíos staighre
  • Cearnóg Mhuinseo sa bhialann – thíos staighre
  • Sráid Aungier i Java City – doras Shráid an Easpaig  
  • Sráid Bolton sa bhialann – chéad urlár
  • Sráid Chaoimhín sa bhialann – bunurlár
  • Sráid Chathail Brugha i mbialann an Rest, bunurlár

Tá an maidin caife a eagrú ag Oifig na Gaeilge agus an Cumann Gaelach i gcuideachta le hAontas na Mac Léinn agus Cumann LGBT na hInstitiúide.
Chun a thuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil le Siobhán in Oifig na Gaeilge ag gaeilge@dit.ie / 01 4027043 / www.dit.ie/services/gaeilge
Táimid ag súil le casadh leat ar an Mháirt 27 Márta!

Maidin Caife 27.03.12

Back to Top

     Find us on Facebook      Follow us on Twitter      Follow us on LinkedIn

Member of the European University Association