Foghlaim
Ranganna Gaeilge 2012
Bíonn ranganna Gaeilge á soláthar ag Oifig na Gaeilge, i dteannta le hAonad Oiliúna agus Forbartha Foirne na hInstitiúide, Scoil na dTeangacha agus Gaelchultúr Teo. d'fhoireann agus do mhic léinn Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath.
De réir Acht na dTeangacha Oifigiúla, caithfear méadú a dhéanamh ar líon agus ar chaighdeán na seirbhísí Gaeilge atá ar fáil ó eagraíochtaí poiblí thar thréimhse ama agus tá sé mar sprioc go gcuirfidh na ranganna seo go mór le cumas Gaeilge foireann agus mic léinn na hInstitiúide.
Bíonn na ranganna Gaeilge dírithe ar leibhéil éagsúla a oireann do na rannpháirtithe, bíonn siad saor in aisce agus ar siúl i gcampais éagsúla ag am lóin agus thar aon rud eile, bíonn siad taitneamhach!
Tá Clár Ama Ranganna an Earraigh, 2012 le fáil anseo
Chun clárú do na Ranganna Gaeilge, líon isteach an Fhoirm Chlárúcháin chuí:
Foireann Mic léinn
Tá Scoláireachtaí ar fáil ó Oifig na Gaeilge i dtreo Táillí Scrúduithe Teastas Eorpach na Gaeilge (www.teg.ie) 2012. Foirm Iarratais TEG 2012 Foirm
Má tá a thuilleadh eolais uait mar gheall ar Ranganna Gaeilge Oifig na Gaeilge, seol ríomhphost chuig gaeilge@dit.ie
Learning
Irish Classes 2012
Oifig na Gaeilge, in conjunction with DIT Staff Training and Development Unit, the School of Languages & Gaelchultúr Teo. provide Irish language classes for the staff and students of DIT.
The Official Languages Act requires that public bodies increase the volume and standard of services available in Irish over a period of time and these classes aim to develop the Irish language capability of staff and students of the Institute.
The classes are aimed at various levels to suit the participants, are based in many of DIT's campuses, are free of charge and above all else, are enjoyable!
The Spring 2012 classes timetable is available here
To Register for Irish Classes, please fill out the relevant Registration Form:
Staff Student
Scholarships are available from Oifig na Gaeilge to cover European Certificate in Irish 2012 (www.teg.ie) examination fees:
Application form: TEG 2012 Foirm
If you have any queries regarding Irish classes, email gaeilge@dit.ie



