Scoláireachtaí Gaeltachta d’fhoireann Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, Fómhar 2012
Tá Oifig na Gaeilge ag cur scoláireachtaí ar fáil d'fhoireann na hInstitiúide gur mhaith leo freastal ar chúrsa dheireadh seachtaine Gaeilge agus cultúrtha i nGaeltacht Ráth Chairn, an Fómhar seo. Is iontach an deis í seo chun snas a chur ar do chuid Gaeilge agus is fiú 180 euro an duine an scoláireacht.
Deireadh seachtaine eile Gaeilge agus cultúrtha i nGaeltacht Ráth Chairn !
Dóibh siúd gur spéis leo a gcuid Gaeilge labhartha a fheabhsú in atmasféar taitneamhach spraíúil, tá Gael Linn ag eagrú deireadh seachtaine Gaeilge agus cultúrtha i nGaeltacht Ráth Chairn ón Aoine 5 - Domhnach 7 Deireadh Fómhair 2012. Is é seo an cúigiú bliain don eagras an ócáid ráthúil seo a eagrú i gcomhar le Comharchumann Ráth Chairn. Is le linn Éigse Dharach Uí Chatháin a reáchtálfar deireadh seachtaine na bliana seo, uair a bheidh deis ag foghaimeoirí fásta na Gaeilge blaiseadh de chultúr na Gaeltachta agus den Ghaeilge labhartha. I measc na n-imeachtaí atá beartaithe, tá ranganna comhrá Gaeilge (meánleibhéal), ceardlann amhránaíochta ar an sean-nós, quiz boird agus seisiúin ceoil! Socrófar lóistín do na rannpháirtithe go háitiúil agus is é táille réasúnta na deireadh seachtaine ná €180 an duine -béilte san áireamh !
Tá Gaeltacht Ráth Chairn suite idir Baile Átha Troim agus Áth Buí i gCo. na Mí – díreach uair an chloig ó Bhaile Átha Cliath ! Bunaíodh Gaeltacht Ráth Chairn i 1937 nuair a aistríodh teaghlaigh iomlána aniar as Conamara chuig Co. na Mí.
Iarratais
Tá gach eolas faoin deireadh seachtaine mar aon le foirmeacha iarratais ar fáil ó www.gael-linn.ie nó ó Sheán Ó Ceallaigh 01:6753299.
Níl le déanamh ach an fhoirm iarratais a líonadh amach agus a sheoladh ar ais ar ríomhphost chuig gaeilge@dit.ie nó sa phost chuig:
Oifig na Gaeilge, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, Seomra 5036, Sráid Aungier, Baile Átha Cliath 2 roimh Dé Céadaoin 19 Meán Fómhair 2012.
Irish language courses in the Gaeltacht, Autumn 2012, Scholarships for DIT staff
Oifig na Gaeilge is offering scholarships to DIT staff who would like to participate in a weekend long Irish Language and Cultural weekend in the Ráth Chairn Gaeltacht this Autumn. This is an ideal opportunity to improve your Irish and the scholarship is worth 180 euro per person.
Irish Language and Cultural weekend in the Ráth Chairn Gaeltacht !
For those interested in improving their Irish in a pleasant, relaxed environment, Gael Linn are organizing an Irish language and cultural weekend for Adult Learners in the Ráth Chairn Gaeltacht, Co. Meath from Friday 5 – 7 October 2012. This is the fifth consecutive year for the organization to run this highly successful event, in partnership with the local cooperative, Comharchumann Ráth Chairn. The weekend will coincide with the annual Éigse Dharach Uí Chatháin festival this year, and participants will have the opportunity to experience the rich cultural heritage of this living Gaeltacht at first hand. The Ráth Chairn Gaeltacht was founded in 1937 when families from Conamara transferred to the area under a land commission scheme, and is situated between Trim and Athboy in Co. Meath – just an hour from Dublin !
Among the activies planned for the weekend are conversational Irish language classes ( intermediate level ), workshops on sean-nós Irish singing, a tablequiz and plenty of ceol and craic with the local native speakers in the evenings ! Full board accommodation will be arranged for participants in the locality and the all-inclusive fee for the weekend is a very reasonable €180 per person!
Further information on the weekend is available on www.gael-linn.ie or from Seán Ó Ceallaigh at 01:6753
Application
Simply fill out the application form and return it by email to gaeilge@dit.ie or by post to:
Oifig na Gaeilge, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, Seomra 5036, Sráid Aungier, Baile Átha Cliath 2 by Wednesday 19th September 2012.
Testimonials
"It was a fantastic course, and I commend them on having such a good institute - it’s a credit to themselves and the Irish language."
"Chabhraigh siad go mór chun píosa muinín a thabhairt domsa chun Gaeilge a labhairt."
"Bhí seachtain thar cionn agam. Bhain mé an taitneamh as agus beidh mé ag dul ar ais gan amhras ar bith an bhliain seo chugainn."
“It was brilliant, I don’t know where the Irish came from after nearly 40 years. I murdered it but everyone was very understanding!”
"The teaching was very good and well pitched for each level; the teacher managed to pitch the classes both to our particular needs and ability."




