MA sa Ghaeilge Fheidhmeach
Part time - DT587

Programme co-ordinator

Dr Siobhán Ní Laoire
Scoil na dTeangacha / School of Languages
Coláiste na nEalaíon agus na Turasóireachta / College of Arts and Tourism

T: 01 402 4561
E: siobhan.nilaoire@dit.ie

T: 01- 402 2828
E: gfheidhmeach@dit.ie

Duration

Part Time - Cúrsa páirtaimseartha dhá bhliain

Closing date

24 April 2013.

Special Programme Application Form, available on programme website, to be submitted directly to School of Languages. Mandatory language assessment as part of application process takes place on 11 May 2013.


See programme website http://dit.ie/gaeilgefheidhmeach/ga/

Start date

Sept 2013

Introduction

Cuireadh tús leis an gcúrsa páirtaimseartha dhá bhliain seo i mí Eanáir 2008. Tá an MA seo á thairiscint ag Scoil na dTeangacha, Dámh na nEalaíon Feidhmeach, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, i gcomhar le Gaelchultúr Teoranta (www.gaelchultur.com).

Tá deiseanna fostaíochta nua ann le roinnt blianta anuas do chéimithe a bhfuil ardscileanna teanga acu sa Ghaeilge, go háirithe ó tháinig Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 i bhfeidhm agus ó bhain an Ghaeilge stádas oifigiúil amach san Aontas Eorpach. Tá an MA seo sa Ghaeilge Fheidhmeach dírithe go príomha ar na fostaithe de chuid na hearnála poiblí a bheidh ag obair trí mheán na Gaeilge as seo amach agus ar chéimithe ar mian leo teacht i dtír ar na deiseanna fostaíochta a bheidh ar fáil in Éirinn agus san Eoraip sna blianta atá romhainn.Beidh an cúrsa MA oiriúnach chomh maith dóibh siúd ar mian leo poist a bhaint amach mar aistritheoirí, teangairí, dlí-theangeolaithe, léitheoirí profaí agus rúnaithe, agus beidh spéis ag múinteoirí scoile, ag daoine atá ag obair sna meáin, i gcúrsaí gnó, sa turasóireacht chultúrtha agus i réimsí gaolmhara eile ann freisin.

Course Content

Bliain 1, Seimeastar 1

  • Gaeilge scríofa agus labhartha: Anailís agus tairgeadh, uirlisí agus teicnicí
  • Sochtheangeolaíocht 1

Bliain 1, Seimeastar 2

  • Ardscileanna scríofa
  • Scileanna labhartha
  • Meáin chumarsáide na Gaeilge

Bliain 2, Seimeastar 3

  • Aistriúchán agus scríbhneoireacht ghairmiúil
  • Stíl sa Ghaeilge
  • Sochtheangeolaíocht 2: An Ghaeilge sa tsochaí chomhaimseartha
  • Modheolaíocht taighde

Bliain 2, Seimeastar 4

  • Punann / miontráchtas

Assessment

Tá an clár seo á rialú ag Rialacháin Ghinearálta Mheasúnaithe na hInstitiúide.Is féidir Dioplóma Iarchéime sa Ghaeilge Fheidhmeach a bhronnadh ar mhic léinn nach mbeidh in ann an clár a chríochnú go leibhéal na Máistreachta (nó nach n-éireoidh leo pas a bhaint amach sa tráchtas), má chríochnaíonn siad obair chúrsa ar fiú 60 Creidiúint ECTS í.

Location

Beidh léachtaí an MA sa Ghaeilge Fheidhmeach ar siúl in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, Sráid Áinséir.

Who Should Apply?

Beidh an clár nua MA seo sa Ghaeilge Fheidhmeach oiriúnach do:

  • fostaithe de chuid na hearnála poiblí atá nó a bheidh ag obair trí mheán na Gaeilge
  • céimithe ar mian leo teacht i dtír ar na deiseanna fostaíochta a bheidh ar fáil in Éirinn agus san Eoraip sna blianta atá romhainn
  • daoine ar mian leo poist a bhaint amach mar aistritheoirí, teangairí, dlí-theangeolaithe, léitheoirí profaí agus rúnaithe
  • múinteoirí scoile, daoine atá ag obair sna méain, i gcúrsaí gnó, sa turasóireacht chultúrtha agus i réimsí gaolmhara eile

Timetable / Hours

Freastalóidh na rannpháirtithe ar 9 modúl i Seimeastair 1-3, agus tabharfaidh siad faoi phunann nó miontráchtas i Seimeastar 4.Beidh na ranganna ar siúl tráthnóna amháin sa tseachtain (Dé Máirt, 6.00 – 9.00 p.m.) le linn Sheimeastair 1-3. Beidh 3 cheardlann Sathairn ar siúl i ngach seimeastar chomh maith (4 huaire an chloig an ceann).

Entry Requirements

Beidh iarrthóirí ar an gcúrsa seo ina gcéimithe le honóracha (grád 2.2 nó nios airde), nó a chomhionann, le Gaeilge nó le discipliní eile atá in ann a léiriú go bhfuil léibhéal cumais sa Ghaeilge acu ar ionann é agus B1+ ar an bhFráma Tagartha Eorpach Coiteann do Theangacha.Beidh ar gach iarrthóir dul faoi thástáil teanga.

Award

Agus ábhar an chúrsa curtha i gcrích go sásúil acu, bronnfar an chéim MA sa Ghaeilge Fheidhmeach ar mhic léinn.

Career Opportunities

Bronnfaidh an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta scoláireacht ar gach duine a n-éireoidh leis / léi áit a bhaint amach ar an gcúrsa agus, dá bhrí sin, ní bheidh aon táille le híoc aige nó aici.

Frequently Asked Questions

Cá bhfaighidh mé foirm iarratais agus breis eolais faoin gcúrsa?

Tá breis eolais le fáil ag suíomh MA sa Ghaeilge Fheidhmeach:

http://dit.ie/gaeilgefheidhmeach/ga/

Is féidir an fhoirm iarratais a íoslódáil ón suíomh thuas.

Back to Top

     Find us on Facebook      Follow us on Twitter      Follow us on LinkedIn

Member of the European University Association