DT507:   BA (Onór.) sa Ghaeilge don Saol Proifisiúnta  

Eolas Ginearálta

Seolfar an chéim nua lánaimseartha ceithre bliana seo i mí Meán Fómhair 2012.  Tá an BA úrnua seo á thairiscint ag Scoil na dTeangacha, Coláiste na nEalaíon agus na Turasóireachta, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath.

Is tríd córas an Lár-Oifig Iontrála (CAO) a dhéantar iontráil ar DT507. Glacfar le hiarratais suas go dtí an 1 Iúil 2012 tríd córas athrú intinne an Lár-Oifig Iontrála.

Le hachtú Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, stádas oifigiúil a bheith bainte amach ag an nGaeilge san Aontas Eorpach, maraon le foilsiú Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, agus go leor forbairtí áitiúla eile le blianta, tá deiseanna fostaíochta ag méadú i gcónaí dóibh siúd a bhfuil ardscileanna teanga acu sa Ghaeilge.   Díreofar ar oiliúint chuimsitheach theangeolaíoch a chur ar scoláirí i réimse leathan ábhar a ullmhóidh siad i dtreo gairmeacha beatha éagsúla a bhaineann úsáid as an nGaeilge san earnaíl phoiblí is lasmuigh di.   Is céim uathúil, sainiúil í seo ina leagtar béim ar chruinnúsáid ghníomhach na Gaeilge ar bhonn taitneamhach trí mheán an tumoideachais.

Mar aon le staidéar doimhin, cuimsitheach a dhéanamh ar an nGaeilge í féin, clúdófar réimse leathan d’ábhair trí mheán na Gaeilge ar an gcúrsa: Ardscileanna Teanga, Scileanna Ríomhaireachta, Staidéar an Aistriúcháin, Litríocht, Na Gairmeacha Cumarsáide, Gnó & Riarachán, Margaíocht, Caidreamh Poiblí, Obair Phobalbhunaithe, Amhránaíocht, Ceol, Béaloideas, Scileanna Raidió & Teilifíse, Bainisteoireacht, Cuntasóireacht, Scríbhneoireacht Chruthaitheach, Scriptscríbhneoireacht, Scannánaíocht, Áisitheoireacht Teanga, Taighde, Bainisteoireacht Airgeadais, Eagrú Ócáidí, Na hEalaíona Cruthaitheacha agus ábhair reatha eile nach iad.

Chomh maith le seo, beidh tréimhse de thaithí oibre san earnáil Ghaeilge agus/nó sa Ghaeltacht, mar chuid riachtanach den chúrsa.

DT507-Bileog Eolais 2012   

Riachtanaisagus Modhanna Iontrála 2012  

Struchtur an Chlair 2012